Baile Átha Cliath, Iúil 27 2022: Chuir an fhoireann Teicneolaíochta Gaeilge (TG) san Ionad ADAPT ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann, in OCBÁC, comhaid cuimhne aistriúcháin de shonraí oidhreachta príomha (Achtanna) óntréimhse 1960-2018, do Rannóg an Aistriúcháin, i gcomhair Thithe an Oireachtais. Tá na hacmhainní seo thar a bheith tairbheach d’aistritheoirí le Gaeilge, mar ligfidh sé dóibh ábhar a aistríodh roimhe seo, a athúsáid, ag baint úsáid as bogearraí aistriúcháin úrscothacha.

Tá tacaíocht theicneolaíoch níos fearr don Ghaeilge de dhíth go práinneach, agus is fadhb í ag tarlú arís is arís . Sa tuarascáil ar an nGaeilge maidir le Comhionannas Teanga na hEorpa a foilsíodh le déanaí, leagtar amach na céimeanna riachtanacha chun tuilleadh tacaíochta teicneolaíochta a fháil don Ghaeilge, chun dul i ngleic leis an mbaol go ndíothófar go digiteach í. 

Ag labhairt faoin obair, dúirt an taighdeoir ADAPT agus Ceannaire TG in OCBÁC, Dr Teresa Lynn “Tá an easpa teicneolaíochtaí teanga leordhóthanacha ar cheann de na rioscaí is mó atá ag bagairt ar úsáid mharthanach de mórán teangacha de chuid an Aontais faoi láthair, ní hamháin an Ghaeilge. Chun na teangacha sin a bheith ag leanúint ról a imirt ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach araon, tá cabhair ón teicneolaíocht de dhíth orthu, chun riachtanais aistriúcháin a chomhlíonadh. Léiríonn ár gcuid oibre céim thábhachtach sa treo sin.’’

Rinneadh obair ar na comhaid luachmhara aistriúcháin sin, mar chuid den tionscadal PRINCIPLE (Acmhainní a Sholáthar i nGaeilge, san Ioruais, sa Chróitis agus san Íoslainnis chun críocha Innealtóireachta Teanga) a mhaoinighan tAontas Eorpach. Dhírigh an tionscadal ar Acmhainní Teangacha a bhailiú, a phróiseáil agus a roinnt cosúil le doiciméid aistriúcháin don Ioruais (Nua-Ioruais agus Bocmál), Cróitis, Gaeilge agus Íoslainnis. 

Chomh maith le cabhair a thabhairt do na haistritheoirí atá ag obair i Rannóg an Aistriúcháin, baineadh úsáid as na sonraí seo freisin, chun caighdeán eTranslation a fheabhsú, rud a úsáideann ní amháin na haistritheoirí Gaeilge sa Choimisiún Eorpach ach d’aon duine atá ag obair san earnáil phoiblí in Éirinn.

Tá gealltanas an Stáit “rochtain níos mó ar acmhainní digiteacha arna bhforbairt ar mhaithe le cainteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge” éascaithe ag taighdeoirí TG in ADAPT, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge, trí thacaíocht theicneolaíoch a chur ar fáil don Ghaeilge trí thionscadail éagsúla.

Dúirt an Dr Teresa Lynn ón ngrúpa Teicneolaíochta na Gaeilge in OCBÁC “Tá an-áthas orainn a thaispeáint conas a d’fhéadfadh ár gcuid oibre in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath cabhrú le dul chun cinn teicneolaíochta a éascú laistigh de Rannóg an Aistriúcháin. Léiríonn an tionscadal seo freisin gur féidir linn tuilleadh tacaíochta a thabhairt dár dteanga sa ré dhigiteach seo, ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal Eorpach araon, trínár gcomhiarrachtaí.”